Ról na dTuismitheoirí

This post is also available in: English

Ról na dTuismitheoirí

“Parents are the child’s primary educators, and the life of the home is the most potent factor in his or her development during the primary school years”.

(Primary School Curriculum, 1999)

Is féidir leat páirt mhór a ghlacadh in oideachas do pháiste.  Is féidir é seo a dháanamh trí:

  • Do pháiste a spreagadh chun a d(h)ícheall a dhéanamh.
  • Glacadh le láidreachtaí agus ligeachtaí do pháiste. Ná cuir do pháiste i gcomparáid lena d(h)eartháireacha nó lena d(h)eirfiúracha nó le paistí eile ina rang.
  • Tacaíocht a thabhairt don scoil agus imeachtaí scoile. Tá comhoibriú agus tacaíocht na dtuisimitheoirí riachtanach chun atmaisféar  tairbheach a chothú.
  • Tacaíocht a thabhairt don mhúinteoir. Ná déan an múinteoir a cháineadh os comhair do pháiste. Má tá fadhb nó ceist agat, is féidir dul i dteagmháil leis an múinteoir agus cruinniú a shochrú. Ní féidir teacht ar réiteach na faidhbe trí bheith ag gearán le tuismitheoirí eile.
  • Bí cinnte go bhfuil do pháiste ullamh agus é/í ag teacht ar scoil. Cinntigh go bhfuil bricfeasta ite acu, go bhfuil a lón acu agus a n-obair bhaile críochnaithe, agus go bhfuil gach rud atá ag teastáil uathu ina m(h)ála scoile.

Féach ar ár liosta d’acmhainní áisiúla do thuismitheoirí / chaomhnóirí.

Cliceáil anseo