Ár Scoil

This post is also available in: English

CÚLRA

Bunaíodh Gaelscoil Inis Córthaidh sa bhliain 1995 chun oideachas trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil do pháistí bhaile Inis Córthaidh. Nuair a osclaíodh an scoil i mí Meán Fómhair 1995 bhí 8 bpáiste againn. Bhain an scoil aitheantas oifigiúil amach ón Roinn Oideachais i mí Aibreáin sa bhliain 1997. Faoi láthair tá 12 múinteoir againn agus níos mó ná 200 páiste.

I mí Eanáir 2013 bhogamar go dtí foirgneamh breá nua ina bhfuil 16 seomra ranga ann agus is é an aidhm nua atá againn ná an scoil a líonadh agus atmaisféar fáiltiúil na scoile a chaomhnú.


MEON

Is faoi phátrúnacht an Easpaig iad formhór na scoileanna i Loch Garman ach is faoi phátrúnacht an Fhorais í Gaeilscoil Inis Córthaidh.  Is eagraíocht é an Foras Pátrúnachta a thugann tacaíocht do Ghaelscoileanna timpeall na tíre. Is scoil Chaitliceach í Gaelscoil Inis Córthaidh agus múintear reiligiúin ar scoil agus ullmhaítear na páistí do na sacraimintí. Is é an tAthair de Vál séiplíneach na scoile. Cuirtear fáilte roimh pháistí de gach cúlra reiligiúnach.


AIDHMEANNA NA SCOILE

  • Is é an aidhm atá againn ná oideachas ar shár-chaighdeán a chur ar fáil do gach páiste trí mheán na Gaeilge.
  • Is í an Ghaeilge ghnáth-theanga chumarsáide na scoile agus an príomh-mheán teagaisc.
  • Tá an Bord Bainistíochta tiomanta don aidhm seo agus táthar ag súil le dátheangachas a chothú i bpáistí óga.

 

Teastaíonn uainn:

  • Go mbainfidh na páistí barr a gcumais amach.
  • Go mbeadh ómós ag na daltaí dá chéile agus do chúlra, thraidsiúin, reiligiúin agus do chumas na bpáistí eile.
  • Go bhforbódh na páistí féiníomhá shláintiúil agus go gcruthóidís dea-chaidreamh lena chéile.
  • Go gcothófaí páistí dea-mhúinte agus lácha.
  • Go mbeadh na páistí bródúil as an scoil, as an foirgneamh agus a fhearais agus go léireoidís an meas céanna ar a gcomhphobal.
  • Go bhforbródh na páistí grá agus líofacht dá dteanga dhúchais, dá n-oidhreacht agus go dtuigfidís a bhféiniúlacht Eorpaigh.
  • Go bhfoghlaimeodh na páistí in atmaisféar taitneamhach cairdiúil, ag cur béime ar fhobairt phearsanta, tuiscint ar na healaíona agus ran pháirtíocht i gcúrsaí spóirt, ár gcluichí náisiúnta san áireamh.

CURACLAM NA SCOILE

Múintear an curaclam céanna inár scoil agus a mhúinteoir i ngach scoil eile ar fud na tíre. Is curaclam páistelárnach atá ann, le gach páiste ag obair agus ag foghlaim de réir a gcumais féin. Múinteoir Gaeilge, Béarla, Mata, Reiligiúin, OSIE (Oideachasl Sóisialta, Imshaol agus Eolaíocht [Stair, Tíreolas agus Eolaíocht]) Ceol, Corpoideachas, Ealaín agus Ceardaíocht, Drámaíocht, Ríomhaireachta agus OSPS (Oideachas Sóisialta Pearsanta agus Sláinte). Déanann siad scileanna sacair ó Rang na Naíonán Bheaga ar aghaidh. Ó Rang 1faigheann na páistí deis du lag snámh. Ó Rang 2 déanann siad cór agus i ranganna 4,5,6 déanann na páistí rugbaí agus giotár.

Múintear gach ábhar, seachas an Béarla, trí mheán na Gaeilge.

Gaeilge:

Cionn is scoil lán-Ghaeilge í Gaelscoil Inis Córthaidh, déanfar gach deis a thapú leis an nGaeilge a mhúineadh do na daltaí. Tá clár fada fairsing cruthaithe ag foireann na scoile chun scileanna éisteachta, tuisceana, labhartha, léitheoireachta agus scríbhneoireachta a chothú.


AN TUMOIDEACHAS

Is é an tumoideachas ná an córas oideachais a chuirtear i bhfeidhm inár scoil. Ciallaíonn sé seo go mbíonn na dalta báite sa Ghaeilge nuair a thosaíonn siad ar scoil. Labhróidh an múintear Gaeilge amháin leo ón tús. Tosóidh an scoil ar mhúineadh an Bhéarla sna Naíonáin Mhóra. Ar an dóigh seo, beidh cur amach nádúrtha ag na daltaí ar an teanga.


BÉARLA

Ní mór a rá thar aon rud eile NACH míbhuntáiste é oideachas trí mheán na Gaeilge ó thaobh foghlaim an Bhéarla de. A mhalairt ar fad atá i gceist, toisc go mbíonn dul chun cinn iomlán ar chumas teanga an pháiste. Tuigeann na múinteoirí an tábhacht a bhaineann le líofacht sa Bhéarla agus ar an mbonn sin, tá clár déanta amach acu chun scileanna éisteachta, tuisceana, labhartha, léitheoireachta agus scríbhneoireachta a fhorbairt. Forbróidh na scileanna seo trí úsáid an Bhéarla sa bhaile agus sa chomhphobal.


ÉIDE SCOILE

Caitheann na daltaí an éide scoile ar scoil gach lá ach amháin ar lá spóirt, lá ina gcaitheann siad culaithe reatha na scoile.

Seo an culaithe scoile:

  • Geansaí v-mhuiníl dearg
  • Bríste nó sciorta liath
  • Léine bán
  • Carbhat scoile
  • Stocaí nó riteoga

Tá geansaí agus carbhat na scoile ar fáil ó Matt Mernagh, Sráid na Sláine. Is féidir leis an teaghlach an chuid eile a fháil in aon siopa gur mhian leo iad a fháil ann. Tá culaith reatha na scoile ar fáil in Sports Savers.


LÓNTA SCOILE

Bíonn dhá lón ag na daltaí ar scoil – “lón beag” agus “lón mór”. Tá sé mar pholasaí againn na lónta a ithe sna seomraí ranga faoi mhaoirseacht na múinteoirí. Caithfidh na daltaí na lónta nach bhfuil críochnaithe acu a thógáil abhaile ionas go mbeidh tuismitheoirí ar an eolas faoin méid atá ithe ag an dalta. Bíonn go leor ama ag na daltaí an lón a ithe agus a chríochnú. Má tá do pháiste ag teacht abhaile le nach bhuil ithe ar bhonn rialta, seans gur comhartha é sin nach bhfuil gach rud i gceart. Más seo do chás, is fearr coinne a dhéanamh leis an múinteoir faoi.

I dtaca leis an bpolasaí atá againn ar dul chun cinn sláinte fhisiciúil agus meabhairshláinte an pháiste, tá “polasaí lón folláin” ag an scoil. Cuireadh an polasaí i bhfeidhm le tacaíocht na dtuismitheoirí sa bhliain. Ní mholtar criospaí, deochanna súilíneacha, milseáin, seacláid, srl. Is fearr linn ceapairí, torthaí, glasraí, súnna, srl.


LEABHAIR SCOILE

Tá leabharliostaí ar fáil ón scoil i mí an Mheithimh. Iarrtar ar thuismitheoirí, más féidir, na leabhair a bheith ag na daltaí agus iad ag teacht ar scoil i mí Meán Fómhair. Ar mhaithe le héiginnteacht a sheachaint, iarrtar ar thuismitheoirí na leabhair a chlúdach agus ainm an pháiste a chur orthu go soiléir. Is féidir leabhair na ndaltaí ó Rang 1 ar aghaidh a fháil ar cíos. Is leis an scoil na leabhair seo agus caithfidh na daltaí meas a bheith acu orthu toisc go dtabharfar do dhaltaí eile iad an bhliain dar gcionn. Caithfidh na tuismitheoirí íoc as leabhar ar bith a imíonn ar strae nó atá millte.