Airgead

This post is also available in: English

Tugann an Roinn Oideachais agus Eolaíochta deontais do chostaisí reatha na scoile. Cludaíonn sé seo cíos, teas, fón, glanadh, árachas, srl. Ní foláir don scoil breis airgid a lorg ó thuismitheoiri nó ón gcomhphobal.

Tá sé beartaithe ag Bord na scoile i gcomhairle le coiste na dtuisimitheoirí go n-íocfadh gach teaghlach €60 in aghaidh na bliana. Ní bheidh gá le bailiúchán airgid rialta mar sin. Tá an síntiús seo deonach ach de ghnáth íocann gach teaghlach. Tá an scoil ag brath go mór ar an tacaíocht a fhaigheann siad ó thuismitheoirí.  Iarraimid ar ár dteaghlaigh nua páirt a ghlacadh sa síntiús seo chomh maith.