Obair Bhaile

This post is also available in: English

OBAIR BHAILE

Tugann obair bhaile deis do thuismitheoirí páirt a ghlacadh in oideachas a bpáiste/í sé agus tugann sé le fios céard a d’fhoghlaim do pháiste i rith an lae. Tá sé tábhachtach go léiríonn an tuismitheoir suim san obair bhaile. Trí chabhair a thabhairt is féidir súil a choinneáil ar dul chun cinn do pháiste. Moltar go mbeidh na páistí neamhspleách sna  hardranganna.

Má tá fadhbanna ag do pháiste ar bhonn rialta, nó má thógann sé/sí an iomarca ama á críochnú, b’fhéidir gur fiú duit dul i dteagmháil leis an scoil. Má tá fadhb dhairíre ag do pháiste, sínigh a d(h)ialann obair bhaile agus scríobh go raibh iarracht déanta agus cé mhéad ama a chaith sé/sí air. Glacann an scoil le seo.

  • Bí dearfach.
  • Ná caill foighne.
  • Ná déan an obair dó/di.
  • Déan seiceáil ar léitheoireacht, litriú agus ar tháblaí.
  • Déan seiceáil ar an obair scríofa agus sínigh an dialann gach oíche.
  • Tá an obair ó bhéal chomh tábhachtacht leis an obair scríofa.

Treoirlínte Ama

  • Naíonáin: 10 nóiméad
  • Rang l + 2: 20-30 nóiméad
  • Rang 3 + 4: 45 nóiméad
  • Rang 5 + 6: Uair a chloig